Déanann Energia Group mná atá ina n-innealtóirí a cheiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan
Is údar bróid do Energia Group páirt a ghlacadh i Lá Idirnáisiúnta na mBan chun ceiliúradh a dhéanamh ar na mná atá ag obair mar innealtóirí agus cailíní a spreagadh le smaoineamh ar an innealtóireacht mar rogha gairme le linn Sheachtain Innealtóirí STEPS.
Ceiliúradh is ea Seachtain na nInnealtóirí ar shaol na hinnealtóireachta in Éirinn agus beidh sé ar siúl ón 5-11 Márta.
Is lá domhanda é Lá Idirnáisiúnta na mBan (8 Márta) tráth a ndéantar ceiliúradh ar a bhfuil bainte amach ag mná go sóisialta agus ó thaobh na heacnamaíochta, an chultúir agus na polaitíochta de. Mar fhorbróir agus oibreoir ceannródaíoch ó thaobh an fhuinnimh in-athnuaite ar fud oileán na hÉireann is díol mórtais dúinne cuid den tallann innealtóireachta ban atá sa chuideachta seo againn a cheiliúradh.
Bhain Eadaoin McLoughlin céim amach san Innealtóireacht Leictreach i COBÁC in 2014. Rinne sí forbairt ar a cuid saineolais agus í ag obair ar thionscadail innealtóireachta anseo in Éirinn agus níos faide ó bhaile sa Mheánoirthear. Thosaigh Eadaoin ag obair le Energia Group in 2021 mar Bhainisteoir Tionscadail inár bhfoireann Foinsí In-athnuaite.
Agus í ag labhairt faoin tionscadal a bhfuil sí i gceannas air faoi láthair dúirt sí, “Is é an Tionscadal Stórála Fuinnimh Ceallraí sa Chaisleáin Riabhaigh an chéad suíomh de chuid Energia Group ina bhfuil ceallraí nasctha leis an eangach agus is píosa an-tábhachtach den bhonneagar atá ann a chabhróidh tráth a bhfuilimid ag dul i dtreo a bheith neodrach ó thaobh fuinnimh de. Cuideoidh áiseanna stórála ceallraí mar atá sa Chaisleáin Riabhach le cobhsaíocht na n-eangach leictreachais le linn tréimhsí a mbíonn ardghiniúint fuinnimh in-athnuaite ag tarlú toisc gur féidir leictreachas a stóráil agus é a scaoileadh ar ais isteach sa chóras go han-tapa nuair a bhíonn gá leis.”
Dúirt Eadaoin freisin, “Le linn mo ghairmréim d'oibrigh mé le hinnealtóirí cumasacha a bhí sásta a gcuid eolais a roinnt go fial. Is breá liom a bheith ag réiteach fadhbanna agus nuair a bhí mé ar scoil thaitin an mhatamaitic agus an fhisic liom, go deimhin ba é mo mhúinteoir Fisice a spreag mé le smaoineamh ar an innealtóireacht mar ghairm– Tá an-áthas orm go ndearna mé amhlaidh.”
Bhain Tricia Murray céim san Eacnamaíocht Foirgníochta amach in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (ITBÁC) agus céim Máistreachta san Eolaíocht Chomhshaoil i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus tá sí ina Bainisteoir ar Sheirbhísí Fuinnimh Energia. Agus í ag labhairt faoin gcúis a dteastaíonn uaithi an Innealtóireacht a mholadh mar rogha gairme do mhná óga a dúirt sí, “Nuair a bhí mé i mbun staidéir ar an innealtóireacht sna nóchaidí ní raibh ach 4 chailín i mo rang. San ionad oibre, agus muid ag obair mar innealtóirí, bainimid úsáid as ár gcruthaitheacht agus as ár gcur chuige nuálach chun cabhrú le réiteach a fháil ar chuid de na dúshláin is mó atá ann don domhan.
Tóg mar shampla an tAthrú Aeráide, sa ról atá agamsa, bím féin agus m'fhoireann ag obair le custaiméirí gnó d’fhonn feabhas a chur ar a n-éifeachtúlacht fuinnimh, a n-astaíochtaí carbóin a laghdú agus athrú ó bheith ag úsáid breoslaí iontaise. Tá Energia Group ag forbairt feirmeacha gaoithe, feirmeacha gréine agus réitigh stórála ceallraí, rud atá ríthábhachtach chun cabhrú le hÉirinn a huaillmhianta i dtaca leis an ngníomhú ar son na haeráide a bhaint amach. Tugann an innealtóireachta, agus go háirithe earnáil an fhuinnimh deiseanna iontacha don fhorbairt gairme. Is cinnte go molfainn an innealtóireacht mar shlí bheatha do dhaoine óga go háirithe más daoine iad a bhaineann sult as fadhbanna a réiteach agus as a bheith ag obair i gcomhar le go leor daoine i ngairmeacha éagsúla eile."
Tar éis di céim a bhaint amach in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, áit ar bronnadh céim Mháistreachta san Innealtóireacht Leictreach agus Leictreonach uirthi, thosaigh Rachael O'Boyle ag obair le Clár Innealtóireachta Iarchéime Energia Group in 2021. Ag labhairt di faoi na rudaí is mó a thaitníonn léi faoina post dúirt Rachael, “Is breá liom go bhfuil mé mar bhall d'fhoireann saineolaithe atá ag obair ar roinnt tionscadal atá an-spreagúil agus atá lárnach don dhícharbónú ar chóras fuinnimh na hÉireann. Ar cheann de na chéad róil a bhí agam nuair a thosaigh mé bhí mé ar an bhfoireann a d’athraigh ceann de na claochladáin leictreacha is mó ar an oileán ag campas fuinnimh Bhaile an Huntaigh anuraidh. D'éirigh go hiontach leis an tionscadal seo agus bealach a bhí ann le haird a tharraingt ar an ról tábhachtach atá ag monarchana Bhaile an Huntaigh ó thaobh soláthar a chinntiú agus tacú leis an aistriú fuinnimh. Táim ag obair faoi láthair ar fhorbairt nua feirme gaoithe lena n-áirítear staidéir indéantachta, roghnú láithreáin, cláir deartha agus tógála. Ón lá ar thosaigh mé ag obair le Energia Group bhain mé taitneamh as a bheith ag obair ar thionscadail éagsúla fuinnimh agus tá an-fhorbairt tagtha ar mo chuid saineolais."
Tá Energia Group ag tógáil cultúr cuideachta a threisíonn an éagsúlacht agus tacaíonn sé le deiseanna forbartha gairmiúla do mhná. In 2021 shínigh an Grúpa an Gealltanas de chuid Gnó sa Phobal in Éirinn agus sheolamar ár Líonra Mná san Earnáil Fuinnimh mar chuid de chlár níos leithne atá ag an gcuideachta ar an Éagsúlacht agus Ionchuimsiú. Mar chuid den líonra Mná san Earnáil Fuinnimh bunaíodh roinnt grúpaí ina measc; Sláinte agus Folláine na mBan; Mná go Luath ina nGairmréim; Mná ag Filleadh agus Mná Uaillmhianacha agus tá gach ceann acu seo dírithe ar thacaíocht a thabhairt do mhná le garspriocanna gairme agus garspriocanna pearsanta éagsúla.